Tá a lan rudaí le déanamh in iar-Thuaisceart Dhún na nGall. Freastalann Ionad Cois Locha ar a lán áiseanna teaghlaigh. De bhrí go bhfuil muid in aice na farraige tá an iomarca imeachtai ar fáil gan stró. mar shampla, surfáil, kayakáil, iascaireacht farraige, faireachán míol mór agus deilf agus turais chuig na h-oileáin. Tá sléibhteoireacht, chomh maith marcaíocht iontach mór le gairid. Tá cliú agus cáil ar an chondae maidir le faichí gailf le blianta. Tá a lán gailearaí ealaíne sa chondae agus bíonn taispeantais sa Chultúrlann go minic i rith na bliana. Bíonn seisiúin ceoil go rialta sna tithe tabhairne.
Cultúrlann Dhún Luiche